Privacy

  1. Próiseáil na faisnéise pearsanta maidir leis an achainí '#EUforAnimals'

 

Bailíonn Global Action in the Interest of Animals (GAIA, www.gaia.be) faisnéis phearsanta (ainm agus sloinne, seoladh ríomhphoist agus seoladh baile) a sholáthraíonn tú dúinne le síniú na hachainí seo istigh i mbileog excel ag a mbunachar sonraí. Coinníonn GAIA do shonraí pearsanta leis an gcuspóir aonair iad a sheoladh chuig na hinstitiúidí AE ábhartha chun críocha na hachainí. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an bhfaisnéis a stóráiltear tráth ar bith trí ríomhphost a sheoladh chuig info@gaia.be. Agus achainí á taisceadh, féadfaidh an t-údarás inniúil liosta na sínitheoirí a cheadú.

 

  1. Cad iad na cearta cosanta sonraí a bhíonn agat?

 

Ba mhaith le GAIA a chinntiú gur lánfheasach duit na cearta cosanta sonraí go léir a bhíonn agat. Bíonn gach úsáideoir i dteideal an méid seo a leanas: 

 

  • An ceart rochtana: bíonn an ceart agat iarraidh ar GAIA ar chóipeanna de do shonraí pearsanta;    
  • An ceart ceartúcháin: aon fhaisnéis a chreideann tú gur faisnéis mhíchruinn atá inti; bíonn an ceart agat iarraidh ar GAIA í a cheartú An fhaisnéis a chreideann tú gur faisnéis neamhiomlán atá inti; bíonn an ceart agat freisin iarraidh ar GAIA í a iomlánú;
  • An ceart scriosta: bíonn an ceart agat iarraidh ar GAIA do shonraí pearsanta a scriosadh, de réir dálaí áirithe;
  • An ceart chun próiseáil a shrianadh: bíonn an ceart agat iarraidh ar GAIA próiseáil do shonraí pearsanta a shrianadh, de réir dálaí áirithe;
  • An ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh próiseála: bíonn an ceart agat agóid in aghaidh próiseáil do sonraí pearsanta ag GAIA, de réir dálaí áirithe;
  • An ceart ar iniomparthacht sonraí: bíonn an ceart agat iarraidh ar GAIA na sonraí atá bailithe againn a aistriú chuig eagraíocht eile, nó go díreach chugatsa, de réir dálaí áirithe.

 

  1. Conas teagmháil a dhéanamh linn

 

Má ritheann aon cheist leat maidir le beartas príobháideachais GAIA, maidir leis na sonraí a choinnímidne fútsa, nó dá mba mhaith leat ceann de do chearta cosanta a chleachtadh, ná bíodh drogall ort ríomhphost a sheoladh chugainne ag info@gaia.be.