Tabhair guth níos láidre d’ainmhithe san Eoraip
Sínigh an achainí maidir le Coimisinéir Eorpach le haghaidh Leas Ainmhithe
iarr ar do chairde í a shíniú agus a roinnt freisin
Deel op FacebookDeel op TwitterDeel op PinterestDeel op Linked InDeel op WhatsappMail5 FHÁTH GO BHFUIL COIMISINÉIR AE LE hAGHAIDH LEAS AINMHITHE DE DHÍTH ORAINN
- TOISC GUR SUIM LE MUINTIR NA hEORPA AN SCÉAL. Aithnítear ainmhithe i gConradh an hEorpa mar neacha mothaitheacha, a mothaíonn pléisiúr agus pian, atá ábalta sult a bhaint as an saol nó fulaingt ina saol. Tá gean ag saoránaigh Eorpacha ar ainmhithe agus ba mhaith leo go gcuirfí a leas san áireamh trí reachtaíocht, trí bheartais agus trí thiomantas d’acmhainní dóthanacha. Níor cheart go dtabharfaí tús áite do leasanna earnála thar éilimh na saoránach.
- TOISC GO BHFUIL GÁ LE FEABHSUITHE A DHÉANAMH AR LEAS AINMHITHE. Tá reachtaíocht shonrach maidir le leas ainmhithe á soláthar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ó 1974 i leith, agus tugadh dlíthe suntasacha isteach ó thús na 1990í chun deireadh a chur le cleachtais chruálacha feirmeoireachta de réir a chéile amhail cliathbhoscaí laofheola, stallaí cránacha agus cásanna cúbarnaí traidisiúnta le haghaidh táirgeadh uibheacha. Mar sin féin, níl reachtaíocht shonrach ar bith ann do roinnt speiceas agus fágann sin nach bhfuil siad faoi chosaint.
- TOISC GO BHFUIL SÉ Á DHÉANAMH CHEANA FÉIN AR AN LEIBHÉAL NÁISIÚNTA. I roinnt Ballstát níl leas ainmhithe á bhainistiú a thuilleadh ag an Aireacht Talmhaíochta. Ó 2014 i leith, tugadh teideal d’airí i dtrí rialtas réigiúnacha na Beilge ina gcuimsítear leas ainmhithe mar cheann dá bpríomhinniúlachtaí, agus ar an tslí sin éascaítear go nglacfar reachtaíocht agus beartais níos forásaí, agus éascaítear a bhforfheidhmiú.
-
TOISC NÁR CHEART GO mBAINFEADH LEASANNA EARNÁLA AN BONN Ó DHUL CHUN CINN. Cuireadh moill go minic le tionchar iomarcach leasanna eacnamaíocha ar dhul chun cinn i bhforfheidhmiú cuí na reachtaíochta reatha nó ar a nuashonrú nuair ba ghá. Tá iompar ainmhithe beo ina shampla soiléir den fhadhb seo. Ba cheart go mbeadh níos mó tionchair agus cumhachtaí ag an gCoimisinéir atá freagrach as leas ainmhithe maidir leis an ábhar seo in institiúidí AE.
- TOISC GO gCUIDEODH SÉ GO PRAITICIÚIL LE hAINMHNITHE. Tá go leor le déanamh i gcomhthéacs leas ainmhithe, agus tá sé á iarraidh ag an tsochaí go dtabharfar tosaíocht níos airde dó ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh. Is féidir leas ainmhithe a chuimsiú i dteideal poist Choimisinéir ábhartha an Aontais Eorpaigh, is rud ciallmhar é agus chuideodh sé lena áirithiú go ndéanfar an beart ceart maidir leis an ábhar seo i gcás go mbeidh tionchar ag reachtaíocht AE ar ainmhithe.
MAIDIR LEIS AN bhFEACHTAS SEO
Tá gean ag Eorpaigh ar ainmhithe, agus taispeántar i suirbhéanna gur mian leis na saoránaigh leibhéal níos airde um chosaint ainmhithe a fheiceáil i reachtaíocht AE.
In ainneoin sin, tugtar tús áite do leasanna eacnamaíocha thar éilimh na saoránach agus fiú thar éilimh Pharlaimint na hEorpa, a bhfuil sé éilithe aici arís agus arís gur cheart athruithe ar an reachtaíocht maidir le cosaint ainmhithe a mhéadú a thabhairt isteach.
Chun fadhbanna dá leithéid a theorannú, tá an fhreagracht glactha ag roinnt Ballstát as leas ainmhithe ar shiúl ó inniúlachtaí na hAireachta Talmhaíochta. Cuirimid fáilte roimh na cinntí sin agus tá súil againn go nglacfar iad i ngach Ballstát.
Ar leibhéal AE, tá an Coimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia freagrach as leas ainmhithe, ach ní aithnítear an inniúlacht seo ina theideal poist faoi láthair.
Molaimid go dtabharfaí an tábhacht a bhaineann leis an ábhar seo chun suntais agus cuntasacht a mhéadú trí ‘Leas Ainmhithe’ a chuimsiú go soiléir i dteideal poist an Choimisinéara ábhartha.
In aon chás, ba cheart leanúint leis an inniúlacht a dhéanamh ar leithligh ó na cinn atá ag an gCoimisinéir Talmhaíochta fiú i gcás go ndéanfar athruithe ar róil na gCoimisinéirí amach anseo.
Cuirfear feabhas ar chosaint ainmhithe san Aontas Eorpach má chuirtear béim ar an bhfreagracht seo agus má iarrtar go soiléir ar an gCoimisinéir ábhartha dearcadh níos réamhghníomhaí agus níos forásaí maidir le leas ainmhithe a ghlacadh thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh, ag freagairt ar an tslí sin ar ghlao díograiseach shaoránaigh na hEorpa.
TÁ GEAN AG EORPAIGH AR AINMHITHE. BA CHEART GO mBEADH GEAN AG INSTITIÚIDÍ AE AR AINMHITHE CHOMH MAITH.
FPEanna a thacaíonn le #AEarsonAinmhithe
Partners
Tionsncamh de chuid GAIA i gcomhpháirtíocht le: