Achainí maidir le Coimisinéir AE le haghaidh Leas Ainmhithe

Creimidne a bhfuil ár n-ainmneacha thíos gur cheart feabhas leanúnach a chur ar leas ainmhithe san Aontas Eorpach trí chur chun cinn uaillmhianach reachtaíochta agus leithdháileadh acmhainní leordhóthanacha.

Chun dul chun cinn dá leithéid a éascú, éilímid go dtabharfar níos mó ábharthachta do leas ainmhithe tríd an bhfreagracht seo a dhéanamh soiléir in ainm na hArd-Stiúrthóireachta ábhartha agus i dteideal poist Choimisinéir inniúil an Aontais Eorpaigh.

Sa chomhthéacs reatha, bheadh an Coimisinéir freagrach as “Shláinte, um Shábháilteacht Bia agus um Leas Ainmhithe”.

 
sínithe

5 FHÁTH GO BHFUIL COIMISINÉIR AE LE hAGHAIDH LEAS AINMHITHE DE DHÍTH ORAINN

  1. TOISC GUR SUIM LE MUINTIR NA hEORPA AN SCÉALAithnítear ainmhithe i gConradh an hEorpa mar neacha mothaitheacha, a mothaíonn pléisiúr agus pian, atá ábalta sult a bhaint as an saol nó fulaingt ina saol. Tá gean ag saoránaigh Eorpacha ar ainmhithe agus ba mhaith leo go gcuirfí a leas san áireamh trí reachtaíocht, trí bheartais agus trí thiomantas d’acmhainní dóthanacha. Níor cheart go dtabharfaí tús áite do leasanna earnála thar éilimh na saoránach.
  2. TOISC GO BHFUIL GÁ LE FEABHSUITHE A DHÉANAMH AR LEAS AINMHITHE. Tá reachtaíocht shonrach maidir le leas ainmhithe á soláthar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ó 1974 i leith, agus tugadh dlíthe suntasacha isteach ó thús na 1990í chun deireadh a chur le cleachtais chruálacha feirmeoireachta de réir a chéile amhail cliathbhoscaí laofheola, stallaí cránacha agus cásanna cúbarnaí traidisiúnta le haghaidh táirgeadh uibheacha. Mar sin féin, níl reachtaíocht shonrach ar bith ann do roinnt speiceas agus fágann sin nach bhfuil siad faoi chosaint.
  3. TOISC GO BHFUIL SÉ Á DHÉANAMH CHEANA FÉIN AR AN LEIBHÉAL NÁISIÚNTA. I roinnt Ballstát níl leas ainmhithe á bhainistiú a thuilleadh ag an Aireacht Talmhaíochta. Ó 2014 i leith, tugadh teideal d’airí i dtrí rialtas réigiúnacha na Beilge ina gcuimsítear leas ainmhithe mar cheann dá bpríomhinniúlachtaí, agus ar an tslí sin éascaítear go nglacfar reachtaíocht agus beartais níos forásaí, agus éascaítear a bhforfheidhmiú.
  4. TOISC NÁR CHEART GO mBAINFEADH LEASANNA EARNÁLA AN BONN Ó DHUL CHUN CINNCuireadh moill go minic le tionchar iomarcach leasanna eacnamaíocha ar dhul chun cinn i bhforfheidhmiú cuí na reachtaíochta reatha nó ar a nuashonrú nuair ba ghá. Tá iompar ainmhithe beo ina shampla soiléir den fhadhb seo. Ba cheart go mbeadh níos mó tionchair agus cumhachtaí ag an gCoimisinéir atá freagrach as leas ainmhithe maidir leis an ábhar seo in institiúidí AE.

  5. TOISC GO gCUIDEODH SÉ GO PRAITICIÚIL LE hAINMHNITHE. Tá go leor le déanamh i gcomhthéacs leas ainmhithe, agus tá sé á iarraidh ag an tsochaí go dtabharfar tosaíocht níos airde dó ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh. Is féidir leas ainmhithe a chuimsiú i dteideal poist Choimisinéir ábhartha an Aontais Eorpaigh, is rud ciallmhar é agus chuideodh sé lena áirithiú go ndéanfar an beart ceart maidir leis an ábhar seo i gcás go mbeidh tionchar ag reachtaíocht AE ar ainmhithe.

FPEanna a thacaíonn le #AEarsonAinmhithe

Partners

Tionsncamh de chuid GAIA i gcomhpháirtíocht  le: